15 Scaoileadh uafáis liom,Agus séideadh m'onóir chun siúil, mar a bheadh le gaoth,Agus d'imigh mo chonách uaim mar a bheadh néal.
16 Tá m'anam ag leá uaim,Agus greim ag laethanta péine orm.
17 Bíonn doitheacha i mo chnámha san oíche;Bíonn pianta do mo chreimeadh gan sos.
18 Rug [Dia] ar bhrat orm le teann nirt,Agus fuair greim ar bhóna m'fhallainge.
19 Chaith sé sa dríb méAgus is cuma mé nó lathach is luaithreach.
20 Glaoim ort gan freagra a fháil;Seasaim os do chomhair, ach ní thógann tú ceann díom.
21 D'éirigh tú cruálach ag plé liom,Agus buaileann tú mé le neart do láimhe.