3 Le gannchúis agus le gorta!Bhídís ag cogaint fréamha luíonna an fhásaigh,
4 Agus na leamhaí buí agus duilliúr na dtor;Ní raibh de bhia acu ach fréamh an aitinn.
5 Tiomáineadh ó chomhluadar daoine iad;Tógadh liú ina n‑aghaidh dála an ghadaí;
6 Níor mhór dóibh cur fúthu in aillteacha na ngleannta,In uaimheanna talún agus i bpluaiseanna carraige.
7 Bhídís ag lógóireacht i measc na dtor,Agus ag brú ar a chéile sna neantóga.
8 Síol gan uaisleacht gan mheas,Scriosadh iad as an tír.
9 Sin iad an dream anois a bhfuilim mar ábhar amhrán acu!Táim i mo sceith béil acu.