6 Níor mhór dóibh cur fúthu in aillteacha na ngleannta,In uaimheanna talún agus i bpluaiseanna carraige.
7 Bhídís ag lógóireacht i measc na dtor,Agus ag brú ar a chéile sna neantóga.
8 Síol gan uaisleacht gan mheas,Scriosadh iad as an tír.
9 Sin iad an dream anois a bhfuilim mar ábhar amhrán acu!Táim i mo sceith béil acu.
10 Tá an ghráin acu orm agus seachnaíonn siad mé.Ní scorn leo seile a chaitheamh san aghaidh orm.
11 De bhrí gur bhain Dia mo chumas díom, agus gur threascair sé mé,Chaitheadar an béalbhach as a mbéal.
12 Ar dheis, tá an ghramaisc ag éirí i mo choinne,Agus ag caitheamh asachán [liom],Agus ag céimniú go bagrach i m'aghaidh.