1 Scoir an triúr sin de bheith ag freagairt Iób mar go raibh sé cinnte go raibh sé neamhchiontach.
2 Ach tháinig racht feirge ar Eilíhiú mac Bharacael ó Bhúz, de chlann Rám. Bhí a racht dírithe ar Iób mar gur mheas seisean nárbh é Dia ach é féin a bhí sa cheart.
3 Bhí a racht dírithe leis ar a thriúr cairde, mar nár thángadar ar fhreagra, agus gur dhaoradar [Dia].
4 Fad a bhíodarsan ag caint le Iób, bhí foighne ag Eilíhiú mar ba shine iad ná eisean.
5 Ach nuair a chonaic Eilíhiú nár fágadh focal le freagairt i mbéal an triúir, tháinig rabharta feirge air.
6 Agus ansin d'fhreagair Eilíhiú mac Bharacael agus dúirt:Táim ar bheagán bliantaAgus sibhse in bhur seanóirí,Uime sin bhí eagla agus ceann faoi ormMo smaointe a nochtadh.