13 Ná bíodh sé de dhánaíocht ionaibh a rá go bhfuair sibh greim ar an eagna,Ná gurbh ó Dhia agus nach ó dhuine [bhur dteagasc].
14 Nílimse chun feidhm a bhaint as a leithéid sin d'argóint;Beidh malairt cló ar mo fhreagrasa.
15 Tá siad bainte dá mbonna, gan focal astu,Ná freagra ina mbéal.
16 D'fhan mé nó gur éisteadar,Gur stadadar, gan a thuilleadh a rá.
17 Beidh rud éigin le rá agamsa anois!Déanfaidh mise anois m'eolas a fhógairt.
18 Féach! táim lán de chaint!Agus tá an spiorad i mo bholg do m'éigniú.
19 Tá mo bholg mar fhíon nua ag lorg poill sceite,Agus ag pléascadh seithe nuaghlan fíona.