5 Ach nuair a chonaic Eilíhiú nár fágadh focal le freagairt i mbéal an triúir, tháinig rabharta feirge air.
6 Agus ansin d'fhreagair Eilíhiú mac Bharacael agus dúirt:Táim ar bheagán bliantaAgus sibhse in bhur seanóirí,Uime sin bhí eagla agus ceann faoi ormMo smaointe a nochtadh.
7 Dúirt mé: “Labhraíodh na bliantaAgus cuireadh an aois mhór an eagna in iúl!”
8 Ach tá fhios agam anois gur spiorad sa duine,Agus anáil ón Uilechumhachtach a thugann tuiscint.
9 Ní le haois mhór a thagann an chríonnacht,Ná ní hiad na seanóirí is géire breith.
10 Deirim, dá bhrí sin, “Tugaigí cluas dom!Bíodh cead cainte agamsa freisin le m'eagna a fhógairt!”
11 Bhí mise ag éisteacht le bhur mbriathra,Agus cluas agam do bhur ráite gaoise;Fad a bhí sibh ag cuartú focal le freagairt,