8 Ach tá fhios agam anois gur spiorad sa duine,Agus anáil ón Uilechumhachtach a thugann tuiscint.
9 Ní le haois mhór a thagann an chríonnacht,Ná ní hiad na seanóirí is géire breith.
10 Deirim, dá bhrí sin, “Tugaigí cluas dom!Bíodh cead cainte agamsa freisin le m'eagna a fhógairt!”
11 Bhí mise ag éisteacht le bhur mbriathra,Agus cluas agam do bhur ráite gaoise;Fad a bhí sibh ag cuartú focal le freagairt,
12 Bhí aird agam oraibh.Ach, féach, ní raibh aon duine le Iób a bhreagnú;Ní raibh aon duine in bhur measc lena ráitis a fhreagairt.
13 Ná bíodh sé de dhánaíocht ionaibh a rá go bhfuair sibh greim ar an eagna,Ná gurbh ó Dhia agus nach ó dhuine [bhur dteagasc].
14 Nílimse chun feidhm a bhaint as a leithéid sin d'argóint;Beidh malairt cló ar mo fhreagrasa.