10 Tá sé ag fáil leithscéalta i m'aghaidh,Agus do m'áireamh mar namhaid.
11 Chuir sé mo chosa i gceap,Agus faireann sé mo bhealaí go léir.”
12 Níl an ceart agat sa mhéid sin, a deirim leat,Óir is mó Dia ná an duine.
13 Cad ab áil leat ag gearán faoiNár fhreagair sé thú, focal ar fhocal.
14 Labhraíonn Dia ar dtús ar shlíAgus ansin ar shlí eile, cé nach dtugtar faoi deara é:
15 Labhraíonn sé trí aislingí agus trí fhíseanna oíche,Nuair a thiteann daoine ina dtoirchim suain,Agus iad ina sámhchodladh ina leaba.
16 Ansin is ea a chuireann sé cogar ina gcluais,Agus a chuireann sé scéin iontu le huafáis,