15 Labhraíonn sé trí aislingí agus trí fhíseanna oíche,Nuair a thiteann daoine ina dtoirchim suain,Agus iad ina sámhchodladh ina leaba.
16 Ansin is ea a chuireann sé cogar ina gcluais,Agus a chuireann sé scéin iontu le huafáis,
17 D'fhonn an duine a iompú óna dhrochbhearta,Agus deireadh a chur lena dhíomas.
18 Déanann sé a bheo a chosaint ar an uaimh,Agus a anam a shábháil ó Sheól.
19 Déanann sé an duine a cheartú le pianta ar a leaba,Nuair a bhíonn creathán gan stad ina chnámha,
20 Agus bia ag cur masmas dearg air;Agus gráin ó chroí aige ar shóláis;
21 Agus a fheoil á creimeadh os comhair do shúl;Agus a chnámha le feiceáil ag gobadh go nocht óna gclúid;