24 Le bheith cneasta leis, agus a rá:“Fuascail é ó thitim san uaimh,Fuair mé geall ar a shon”;
25 Bíonn a chneas arís i mbláth na hóige;Agus filleann sé arís ar laethanta a chumais.
26 Guíonn sé chun Dé agus tugann seisean aird air;Agus feiceann sé a ghnúis agus lúcháir air,Agus fógraíonn sé don saol scéal a shaortha;
27 Canann sé an chaithréim seo os comhair daoine:“Pheacaigh mé, agus thréig mé cosán na fíréantachta,Ach ní dhearna [Dia] díoltas orm.
28 D'fhuascail sé m'anam ó dhul síos san uaimh,Agus beidh mo shaol faoi sholas.”
29 Déanann Dia na nithe seo go léirArís agus arís eile don duine.
30 Fuasclaíonn sé a anam ón uaimh,Le go mbeadh solas na beatha ag taitneamh air.