1 Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt:
2 Éistigí lena bhfuil le rá agam, a shaoithe,Agus tugaigí cluas dom, a lucht an eolais.
3 Óir déanann an chluas briathra a phromhadh,Mar a dhéanann an carball bia a bhlas.
4 Faighimis amach dúinn féin cá bhfuil an ceart;Agus deimhnímis eadrainn féin céard is cóir.
5 Dúirt Iób: “Táimse fíréanta,Ach dhiúltaigh Dia mo cheart dom.
6 Tá breitheamh mo chúise i bhfaltanas liom,Is tinn é mo chréacht cé nach ndearna mé coir.”