18 An té a thabharfadh “suarachán” ar a rí,Agus “coirpeach” ar thaoiseach,
19 Agus nach mbeadh lé aige le flatha,Ná le saibhre thar na boicht,Mar gur óna láimh féin iad uile.
20 Faigheann siad bás i bprapadh na súl;Dá thábhachtaí iad, éagann siad i lár na hoíche,Ní [aon nath leis] tíoránach a chur ar an éadreoir;
21 Óir tá súil aige ar iompar an duine,Agus faireann gach coiscéim dá ngabhann.
22 Níl dorchadas ná scáil bháis ann,Ina bhféadfadh lucht an oilc dul i bhfolach.
23 Óir ní dhearna sé coinne d'aon duineLe dul i láthair Dé i mbreithiúnas.
24 Bascann sé cumhacht lucht an nirt gan fiosrú ina dtaobh,Agus cuireann dream eile ina n‑áit.