22 Níl dorchadas ná scáil bháis ann,Ina bhféadfadh lucht an oilc dul i bhfolach.
23 Óir ní dhearna sé coinne d'aon duineLe dul i láthair Dé i mbreithiúnas.
24 Bascann sé cumhacht lucht an nirt gan fiosrú ina dtaobh,Agus cuireann dream eile ina n‑áit.
25 Tá fios a mbeart aige,Agus treascrann sé faon ar lár iad san oíche.
26 Buaileann sé iad de bharr a gcoirpeachta,Agus [déanann cimí díobh] os comhair an tsaoil.
27 “D'iompaíodar óna sheirbhís,” a deir tú,“Agus níor thóg siad ceann dá bhealaí go léir,
28 I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé]Agus gur chuala sé glór an deibhleáin.