28 I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé]Agus gur chuala sé glór an deibhleáin.
29 D'fhan sé socair gan aon duine a dhaoradh;Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?”Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine,
30 Agus saorann sé fiú an t‑aindiaga ó ghreim na hainnise.
31 Má deir duine le Dia:“Mealladh mé, ní le hurchóid a rinne mé beart.
32 Má pheacaigh mé, cuir in iúl dom é!Má bhí mé éagórach, ní bheidh mé amhlaidh arís.”
33 - Sa chás sin ar chóir dó, dar leat, é a phionósú,Ós rud é go ndiúltaíonn tú dá bhreitheanna?Ón uair nach agamsa ach agatsa atá an rogha le déanamh,Abair céard atá ar eolas agat.
34 An mhuintir thuisceanach go léir,Agus na saoithe i measc mo lucht éisteachta, déarfaidh siad liom: