30 Agus saorann sé fiú an t‑aindiaga ó ghreim na hainnise.
31 Má deir duine le Dia:“Mealladh mé, ní le hurchóid a rinne mé beart.
32 Má pheacaigh mé, cuir in iúl dom é!Má bhí mé éagórach, ní bheidh mé amhlaidh arís.”
33 - Sa chás sin ar chóir dó, dar leat, é a phionósú,Ós rud é go ndiúltaíonn tú dá bhreitheanna?Ón uair nach agamsa ach agatsa atá an rogha le déanamh,Abair céard atá ar eolas agat.
34 An mhuintir thuisceanach go léir,Agus na saoithe i measc mo lucht éisteachta, déarfaidh siad liom:
35 “Briathra gan ghaois a labhraíonn Iób,Agus níl aon tuiscint ina chuid cainte.”
36 Ach déanfar Iób a phromhadh go ceann scríbe,Mar go bhfreagraíonn sé mar a dhéanfadh urchóidigh.