5 Dúirt Iób: “Táimse fíréanta,Ach dhiúltaigh Dia mo cheart dom.
6 Tá breitheamh mo chúise i bhfaltanas liom,Is tinn é mo chréacht cé nach ndearna mé coir.”
7 An bhfuil a lán de leithéid Iób ann,A shlogann an sciolladh mar uisce?
8 Agus a dhéanann caidreamh le lucht déanta an oilcAgus a shiúlann le hurchóidigh?
9 Mar nár dhúirt sé: “Saothar in aisce éDo dhuine a bheith ag iarraidh Dia a shásamh.”
10 Éistigí dá bhrí sin liomsa, a lucht na heagna;Is fada ó Dhia an choirpeachtAgus an éagóir ón Uilechumhachtach.
11 Déanann sé cúiteamh leis an duine de réir a oibreacha,Agus de réir bearta a shaoil a thugann sé luach saothair dó.