11 Má éisteann siad agus rud a dhéanamh air,Bíonn an rath ar dheireadh a saoil,Agus a mblianta deiridh go sochma.
12 Ach mura ndéanann siad, maraítear le faobhar claímh íad,Agus buaileann an bás iad gan choinne.
13 Déanann na héagráifigh ó chroí an fhearg a chothúAgus ní ghlaonn siad ag lorg cabhrach nuair a chraplann sé iad.
14 Faigheann siad bás ina n‑óige,Nó caitheann siad saol náireach;
15 Ach saorann sé an mhuintir umhal lena n‑ainnise,Agus osclaíonn a gcluasa le cruatan.
16 Tá faoiseamh á bheartú aige duitse freisin;Bhí cónaí ort tráth i só gan teorainn,Agus sólais mhéithe ar do bhord.
17 Ach ní dhearna tú na coirpigh a dhaoradh;Rinne tú slad ar chearta na ndílleachtaí.