17 Ach ní dhearna tú na coirpigh a dhaoradh;Rinne tú slad ar chearta na ndílleachtaí.
18 Seachain agus ná mealladh maoin thú,Agus ná déanadh breabanna teanna thú a chur amú.
19 Cúisigh lucht na maoine chomh maith leis na boicht,Lucht an lámh láidir chomh maith leis an dream lag.
20 Ná satail ar na daoine nach aithnid duitD'fhonn do ghaolta a chur ina n‑áit.
21 Seachain agus ná claon leis an olc,Mar sin é is cúis dáiríre le d'anró.
22 Féach! tá Dia á mhóradh lena neart,Cé is teagascóir mar é?
23 Cé a dúirt leis riamh céard a bhí le déanamh aige?Nó go raibh sé de dhánaíocht ann a rá: “Rinne tú éagóir”?