20 Ná satail ar na daoine nach aithnid duitD'fhonn do ghaolta a chur ina n‑áit.
21 Seachain agus ná claon leis an olc,Mar sin é is cúis dáiríre le d'anró.
22 Féach! tá Dia á mhóradh lena neart,Cé is teagascóir mar é?
23 Cé a dúirt leis riamh céard a bhí le déanamh aige?Nó go raibh sé de dhánaíocht ann a rá: “Rinne tú éagóir”?
24 Féach chuige go mórfaidh tú a oibreacha;Bhí siad go minic ina n‑ábhar molta ag daoine.
25 Is soiléir iad don saol mór,Agus tá radharc orthu ón imigéin.
26 Is éachtach é Dia, agus sáraíonn sé ár n‑eolas;Níl áireamh ar líon a bhlianta.