24 Féach chuige go mórfaidh tú a oibreacha;Bhí siad go minic ina n‑ábhar molta ag daoine.
25 Is soiléir iad don saol mór,Agus tá radharc orthu ón imigéin.
26 Is éachtach é Dia, agus sáraíonn sé ár n‑eolas;Níl áireamh ar líon a bhlianta.
27 Eisean a chuireann srian leis an mbáisteachAgus déanann sé na ceathanna a scaipeadh ina gceo;
28 Bíonn na scamaill á sceitheadhIna dtuilte ar an gcine daonna.
29 Cé a thuigfeadh conas a leathann sé na scamaill,Nó a bhriseann an toirneach óna phailliún?
30 Leathann sé a cheo ina thimpeall,Agus clúdaíonn sé barr na gcnoc.