1 D'fhreagair an Tiarna Iób ansin as an anfa gaoithe agus dúirt:
2 Cé hé seo atá ag dorchú mo bheartasLe focail gan stuaim gan éifeacht?
3 Cuir do chrios faoi do choim go fearúil;Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí dom!
4 Cá raibh tú nuair a leag mé síos máithreacha na cruinne?Inis dom é, os rud é go bhfuil tú chomh heolgaiseach!
5 Cé chinntigh a tomhais, mar is eol duit sin, ar ndóigh?Agus cé shín an dorú ar a fad?
6 Cad air a bhfuil ceapa a colúin ina luí?Agus cé a chuir a cloch chúinne ina leaba,
7 Nuair a bhí réaltaí uile na maidine ag canadh le lúcháir,Agus clann Dé go léir ag glao le háthas?