14 Agus sa chaoi go dtugtar a chruth chun léire mar a bhuailtear cló ar chré le séala,Agus go ndéantar é a dhathú mar bhrat,
15 Agus go mbaintear a solas de na héagráifigh,Agus go mbristear an ghéag a ardaíodh chun buille a bhualadh.
16 An ndeachaigh tú síos i ndoimhne na farraige?Agus ar shiúil tú i ndiamhra an aigéin?
17 Ar nochtadh duit doirse an éagaNó an bhfaca tú geataí scáil an bháis?
18 Ar mheas tú leithead na talún?Inis, más fios duit, a fairsinge dom.
19 Cá bhfuil an tslí chun áit an tsolais?Agus dála an dorchadais, cá háit a bhfuil sé?
20 Nach tusa a thugann leat chun a fhearannais é?Nach agatsa atá fios na slí chun a thísean?