17 Ar nochtadh duit doirse an éagaNó an bhfaca tú geataí scáil an bháis?
18 Ar mheas tú leithead na talún?Inis, más fios duit, a fairsinge dom.
19 Cá bhfuil an tslí chun áit an tsolais?Agus dála an dorchadais, cá háit a bhfuil sé?
20 Nach tusa a thugann leat chun a fhearannais é?Nach agatsa atá fios na slí chun a thísean?
21 Is duitse is eol, ó rugadh an uair sin thú,Agus ós mór é líon do bhlianta.
22 Ar ghabh tú isteach i dtaiscí an tsneachta?Nó an bhfaca tú stórais an chloch shneachta
23 Atá a taisciú agam le haghaidh uain na hanacra,I gcomhair lá an chatha agus an chogaidh?