24 Cá bhfuil an bealach go gabhal na tintríMar a scaipeann sí a lasair ar fud an domhain?
25 Cé ghearr canáil don tuileAgus bealach don toirneach?
26 Le go dtitfeadh uisce ar fhearann gan áitreabh daoine,Ar an bhfásach atá gan duine ann,
27 I dtreo go sásaítear an díthreabh uaigneach,Agus go n‑eascrann an féar glas ón talamh a bhí tirim.
28 An bhfuil athair ag an mbáisteach?Nó cé a ghin na cruinneaga drúchta?
29 Cén bhroinn as a dtagann an leac oighir?Nó cé ghineann sioc liath na spéire,
30 Nuair a chruann na huiscí ina gcarraig,Agus a théachtann dromchla na bóchna?