27 I dtreo go sásaítear an díthreabh uaigneach,Agus go n‑eascrann an féar glas ón talamh a bhí tirim.
28 An bhfuil athair ag an mbáisteach?Nó cé a ghin na cruinneaga drúchta?
29 Cén bhroinn as a dtagann an leac oighir?Nó cé ghineann sioc liath na spéire,
30 Nuair a chruann na huiscí ina gcarraig,Agus a théachtann dromchla na bóchna?
31 An féidir duit an Treighdín a ghléasadh ina fhearas,Nó a cuibhreach a bhaint de Shlat an Rí?
32 An dtig leat réalta na maidine a sheoladh ar a cúrsa ráithe ar ráithe,Nó an Camchéachta is a chuingir a threorú ar a mbealach?
33 An eol duit reachta na spéire?An féidir duit a réim a shuíomh ar talamh?