37 Cé a d'fhéadfadh na néalta a áireamh le críonnacht?Cé a d'fhéadfadh seithí uisce na bhflaitheas a chur ar leathmhaing,
38 Nuair a dhlúthaíonn an smúit ina dlúmh,Agus a chruann na fóid le chéile ina mbalc?
39 An féidir duit a chreach a fhiach don leon,Nó goile na leon óg a shásamh,
40 Agus iad ina luí ina bpluaisNó i luíochán ina mothar?
41 Cé a dhéanann soláthar don bhadhbh,Nuair a scréachann a gearrcaigh chun DéAgus a [scrogaill sínte] in airde acu le hocras?