4 Cá raibh tú nuair a leag mé síos máithreacha na cruinne?Inis dom é, os rud é go bhfuil tú chomh heolgaiseach!
5 Cé chinntigh a tomhais, mar is eol duit sin, ar ndóigh?Agus cé shín an dorú ar a fad?
6 Cad air a bhfuil ceapa a colúin ina luí?Agus cé a chuir a cloch chúinne ina leaba,
7 Nuair a bhí réaltaí uile na maidine ag canadh le lúcháir,Agus clann Dé go léir ag glao le háthas?
8 Cé a d'iaigh an mhuir isteach le comhlaí,Nuair a bhrúcht sí amach as an mbroinn?
9 Nuair a chuir mé an néal mar éide uirthi,Agus an scamall dubh mar bhindealán uimpi.
10 Chuir mé teorainn léi,Agus shocraigh mé barraí agus doirse di.