12 Fuair mé focal, más ea, faoi choim,Agus fuair mo chluas gaoth an fhocail sin.
13 I measc smaointe a rith chugam in aislingí oíche,Nuair a bhíonn daoine i dtoirchim suain,
14 Tháinig scéin orm agus critheagla,Agus bhí mo chnámha go léir ar ballchrith.
15 Shleamhnaigh leoithne thar m'aghaidhAgus d'éirigh mo ghuairí ina gcolgsheasamh.
16 Bhí neach ina sheasamh ansiúd, nár aithin mé a chló;Bhí scáil os comhair mo shúl.Bhí ciúnas, agus ansin chuala glór caoin:
17 “An féidir do dhuine daonna a bheith cóir i láthair Dé?An féidir do dhuine a bheith glan i láthair a chruthaitheora?
18 Ní chuireann [Dia] a mhuinín ina searbhóntaí féin;Agus faigheann sé locht ar a aingil féin.