15 Shleamhnaigh leoithne thar m'aghaidhAgus d'éirigh mo ghuairí ina gcolgsheasamh.
16 Bhí neach ina sheasamh ansiúd, nár aithin mé a chló;Bhí scáil os comhair mo shúl.Bhí ciúnas, agus ansin chuala glór caoin:
17 “An féidir do dhuine daonna a bheith cóir i láthair Dé?An féidir do dhuine a bheith glan i láthair a chruthaitheora?
18 Ní chuireann [Dia] a mhuinín ina searbhóntaí féin;Agus faigheann sé locht ar a aingil féin.
19 Nach mó is amhlaidh sin do lucht cónaithe i dtithe cré,Arb é an luaithreach a mbunús,A bhruítear mar an leamhan!
20 Scriostar iad idir maidin agus nóin;Milltear go brách iad, gan neach á dtarrtháil.
21 Staitear [pionna] a mbothaAgus faigheann siad bás d'uireasa eagna.”