3 Féach! nach iomaí duine a cheartaigh tú!Do lámha laga thug tú neart.
4 Ba thaca iad do bhriathra don té a fuair tuisle;Neartaigh tú na glúine laga.
5 Anois is é do thuras féin é, agus theip ar d'fhoighne.Buaileann sé thú féin agus titeann an lug ar an lag agat.
6 Nach bhfuil muinín agat as d'fhíréantachtAgus dóchas agat as do bheatha ionraic?
7 Cuimhnigh anois, cén duine ionraic riamh a scriosadh?Cár milleadh lucht na córa?
8 Dé réir mar a chonaic mise, an dream a threabhann an urchóidAgus a chuireann síol na trioblóide, baineann siad í mar fhómhar.
9 Scriosann anáil Dé iad,Agus milleann racht dá fhearg iad.