5 Anois is é do thuras féin é, agus theip ar d'fhoighne.Buaileann sé thú féin agus titeann an lug ar an lag agat.
6 Nach bhfuil muinín agat as d'fhíréantachtAgus dóchas agat as do bheatha ionraic?
7 Cuimhnigh anois, cén duine ionraic riamh a scriosadh?Cár milleadh lucht na córa?
8 Dé réir mar a chonaic mise, an dream a threabhann an urchóidAgus a chuireann síol na trioblóide, baineann siad í mar fhómhar.
9 Scriosann anáil Dé iad,Agus milleann racht dá fhearg iad.
10 [Múchtar] búir an leoin agus scréach an bhanleoin;Bristear fiacla na gcoileán leoin.
11 Cailltear an seanleon d'uireasa creiche,Agus téann scaipeadh ar choileáin an bhanleoin.