1 Ba bhaoth é do dhóchas go deimhin,Mar dhéanfadh fiú radharc air duine a threascairt.
2 Nuair a mhúsclaítear é, éiríonn sé fíochmhar,Ní féidir d'aon duine dul i ngleic leis.
3 Cé a d'fhéadfadh é ionsaí agus teacht slán?Ní fhéadfadh neach faoin spéir.
4 Ní bheidh mé i mo thost faoina ghéaga,Ná faoina neart éachtach, ná a chló gan cháim.
5 Cé a d'fhéadfadh béal a chóta a oscailtNó ropadh trína lúireach dhúbailte?
6 Cé a d'fhéadfadh comhlaí a aghaidh a oscailt?Tá uafás mórthimpeall a fhiacal.
7 Is cuma nó sraith sciath a dhroim,Agus séala cloch á n‑iadh.