13 Cuireann a anáil sméaróidí trí thine,Agus tagann lasair as a bhéal.
14 Tá an neart ag lonnú ina mhuineál,Agus tá an t‑uafás ag damhsa os a chomhair.
15 Dlúthaíonn a sprochaillí feola le chéile,Agus bíonn siad daingean dobhogtha air.
16 Tá a chroí chomh teann le cloch,Chomh daingean leis an mbró íochtair.
17 Nuair a éiríonn sé tagann scéin ar na [tonnta],Agus téann na [madhma] féin ar gcúl.
18 Dá mbuailfeadh an claíomh é, ní chuirfeadh sé as dó,Ná an tsleá, ná an ga, ná an bhunsach.
19 Is cuma leis iarann nó dias,práis nó adhmad críon.