6 Cé a d'fhéadfadh comhlaí a aghaidh a oscailt?Tá uafás mórthimpeall a fhiacal.
7 Is cuma nó sraith sciath a dhroim,Agus séala cloch á n‑iadh.
8 Táid i ngar dá chéile,I dtreo nach dtéann aer eatarthu.
9 Táid i ngreim ina chéile,I dtreo go bhfuil siad go dlúth ina n‑aonad.
10 Nuair a ligeann sé sraoth, bladhmann solas uaidh,Agus bíonn a shúile mar dheargadh an dá néal.
11 Tagann lóchrainn lonracha as a bhéal,Agus preabann mar a bheadh spréanna tine as.
12 Tagann gal óna pholláiríMar a bhíonn ó choire ar fiuchadh ar an tine.