3 “Cé hé seo a cheileann comhairleLe briathar gan eolas?”Uime sin a dúirt mé nithe nár thuig mé,Nithe ró-iontacha narbh eol dom iad.
4 Éist, le do thoil, agus labhróidh mé;“Cuirfidh mise ceist, agus tabhairse dom an t‑eolas.”
5 Ní raibh agam ort ach clos tráchta,Ach anois chonaic mo shúile cinn thú.
6 Ar an ábhar sin, séanfaidh mé mo bhriathra féin,Agus déanfaidh mé aithrí sa deannach agus sa luaithreach.
7 Nuair a bhí an méid sin ráite ag an Tiarna le Iób, dúirt an Tiarna le hEilífeaz ó Théamán: “Tá fraoch feirge orm i d'aghaidhse agus in aghaidh do bheirt chairde, mar nár inis sibh an fhírinne fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.
8 Faighigí, dá bhrí sin, seacht dtarbh agus seacht reithe agus téigí go dtí mo shearbhónta Iób, agus ofrálaigí íobairt uileloiscthe ar bhur son féin; agus déanfaidh mo shearbhónta Iób guí ar bhur son. Éistfidh mé lena impí gan bhur mbaois a agairt oraibh nár inis sibh an ceart fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.”
9 D'imigh Eilífeaz óThéamán, Bildead ó Shiúach, agus Zófár ó Namát, leo d'fhonn déanamh mar a d'ordaigh an Tiarna, agus ghlac an Tiarna le guí Iób.