14 Bíonn dorchadas rompu sa láAgus bíonn siad ag amharcaíl oíche um mheán lae.
15 Fuasclaíonn sé an neamhurchóideach óna gcraos,Agus an bocht ó láimh an chumhachtaigh.
16 Fágann sin dóchas ag an dearóil,Agus a chlab dúnta ag an éagóir.
17 Is méanar go deimhin don té a cheartaíonn Dia;Ná diúltaigh dá bhrí sin do smachtú an Uilechumhachtaigh,
18 Óir goineann sé, ach cuireann ceirín leis an gcréacht;Buaileann sé buille, ach tugann a lámh cneasú.
19 Déanfaidh sé thú a fhuascailt faoi a sé ó thrioblóid,Agus faoi a seacht, ní bhainfidh urchóid leat.
20 Fuasclóidh sé ón mbás thú in am an ghorta,Agus ón gclaíomh in am an chogaidh.