17 Is méanar go deimhin don té a cheartaíonn Dia;Ná diúltaigh dá bhrí sin do smachtú an Uilechumhachtaigh,
18 Óir goineann sé, ach cuireann ceirín leis an gcréacht;Buaileann sé buille, ach tugann a lámh cneasú.
19 Déanfaidh sé thú a fhuascailt faoi a sé ó thrioblóid,Agus faoi a seacht, ní bhainfidh urchóid leat.
20 Fuasclóidh sé ón mbás thú in am an ghorta,Agus ón gclaíomh in am an chogaidh.
21 Beidh tú i bhfolach ó sciúirse na teanga,Agus ní chuirfidh an [ropaire] scéin ort nuair a thiocfaidh sé.
22 Déanfaidh tú gáire [faoin tiormach agus faoin sioc],Agus ní bheidh eagla ort roimh ainmhithe allta.
23 Beidh conradh agat le clocha an ghoirt,Agus beidh síocháin agat le hainmhithe an bháin.