2 Maraíonn an faltanas an t‑amadánAgus básaíonn an formad an duine baoth.
3 Nuair a chonaic mé duine ceanndána,Chuir mé mo mhallacht ar a áitreabh gan mhoill:
4 “Is fada a bheidh an conách óna chlann;brúfar sa gheata iad, gan fear a dtarrthála.
5 Beidh cíocras air chun a fhómhair,Ach scuabfaidh Dia ar shiúl é le haicíd.Beidh siad ag tnúthán lena maoin, agus íota orthu.”
6 Óir ní eascrann urchóid ón ithir,Ná ní phéacann anró as an talamh,
7 Ach sé an duine a ghineann anró dó féin,Mar a eitlíonn na badhbha in airde.
8 Uime sin is chun Dé a ghairmfinnAgus is dó a nochtfainn mo chúis;