4 “Is fada a bheidh an conách óna chlann;brúfar sa gheata iad, gan fear a dtarrthála.
5 Beidh cíocras air chun a fhómhair,Ach scuabfaidh Dia ar shiúl é le haicíd.Beidh siad ag tnúthán lena maoin, agus íota orthu.”
6 Óir ní eascrann urchóid ón ithir,Ná ní phéacann anró as an talamh,
7 Ach sé an duine a ghineann anró dó féin,Mar a eitlíonn na badhbha in airde.
8 Uime sin is chun Dé a ghairmfinnAgus is dó a nochtfainn mo chúis;
9 (Déanann seisean éachtaí gan áireamh,Iontais nach féidir a ríomh.)
10 Dáileann sé fearthainn ar an talamhAgus seolann uiscí ar na bánta.