6 Óir ní eascrann urchóid ón ithir,Ná ní phéacann anró as an talamh,
7 Ach sé an duine a ghineann anró dó féin,Mar a eitlíonn na badhbha in airde.
8 Uime sin is chun Dé a ghairmfinnAgus is dó a nochtfainn mo chúis;
9 (Déanann seisean éachtaí gan áireamh,Iontais nach féidir a ríomh.)
10 Dáileann sé fearthainn ar an talamhAgus seolann uiscí ar na bánta.
11 Ardaíonn sé na daoine ísleAgus tógann lucht an bhróin go buaic an áthais.
12 Cuireann sé bearta na gcealgairí amú,I dtreo nach ritheann le hiarrachtaí a lámh.