1 Ansin d'fhreagair Iób agus dúirt:
2 Uch gan mo dhoilíos á mheá,Agus gan m'anró go léir a chur sa mheá le chéile.
3 Ba throime é ná gaineamh na trá- Sin é a chuir mo bhriathra le buile.
4 Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam,Agus mo spiorad ag diúl a nimhe.Tá uafáis Dé in eagar i m'aghaidh.
5 An ligeann an t‑asal fiáin glao as nuair a fhaigheann sé féar?Nó an damh búir os cionn a choda?
6 An n‑itear bia leamh gan salann?Nó an bhfuil blas ar ghealacán uibh?
7 Diúltaíonn m'anam a shuaimhneas a cheapadh;tá breoiteacht mo choirp á shuaitheadh.