18 Téann na carbháin as a mbealach á lorg,Imíonn siad faoin bhfásach, agus cailltear iad.
19 Bíonn carbháin Théamá ag súil leo,Agus is astu a bhíonn a muinín ag buíonta Sheaba.
20 Cuirtear díomá orthu cé go raibh misneach acu;Tagann siad ansiúd, ach loictear orthu.
21 A rá is go bhfuil sibh anois gan mhisneach,Go bhfeiceann sibh uafás agus go bhfuil scéin oraibh.
22 An ndúirt mé libh: “Tugaigí dom!”Nó: “Tugaigí breab ar mo shon as bhur maoin!”
23 Nó: “Fuasclaigí mé ó láimh an namhad.”Nó: “Saoraigí mé ó ghreim na dtíoránach!”?
24 Tugaigí teagasc dom, agus beidh mé i mo thost;Taispeánaigí dom cá ndeachaigh mé amú.