4 Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam,Agus mo spiorad ag diúl a nimhe.Tá uafáis Dé in eagar i m'aghaidh.
5 An ligeann an t‑asal fiáin glao as nuair a fhaigheann sé féar?Nó an damh búir os cionn a choda?
6 An n‑itear bia leamh gan salann?Nó an bhfuil blas ar ghealacán uibh?
7 Diúltaíonn m'anam a shuaimhneas a cheapadh;tá breoiteacht mo choirp á shuaitheadh.
8 Uch nach gcomhlíontar m'achainí!Agus nach ndeonaíonn Dia mo dhóchas dom!
9 Go mba thoil le Dia mé a bhascadh,Agus go scaoilfeadh sé lena láimh agus mé a scriosadh.
10 Bheadh sé fós mar shólás agam -Agus bheinn daingean i bpian gan taise -Nár shéan mé briathra an té is Naofa.