1 Nach bhfuil tréimhse dianseirbhíse ag an duine ar talamh?Agus nach cosúil a laethanta le laethanta amhais?
2 Mar dhaor a shantaíonn an scáth,Agus mar amhas a iarrann luach a shaothair.
3 Is amhlaidh a dátaíodh dom míonna mairgegur gearradh amach dom oícheanta buartha.
4 I mo luí dom deirim: “Cá huair a thiocfaidh an lá?”Ar m'éirí dom deirim arís: “Cá huair a thiocfaidh an oíche?”Agus bím do mo chiapadh go comhrac lae agus oíche.
5 Tá míola ag snámh ar mo chorp agus salachar ina bhrat air;Tá mo chraiceann ag scoilteadh agus ag leá leis.
6 Is luaithe mo laethanta ná fearsad fíodóra,Agus tá siad arna gcríochnú gan dóchas.
7 Á, cuimhnigh nach bhfuil i mo bheatha ach puth anála;Ní fheicfidh mo shúile sonas go deo arís.