5 Tá míola ag snámh ar mo chorp agus salachar ina bhrat air;Tá mo chraiceann ag scoilteadh agus ag leá leis.
6 Is luaithe mo laethanta ná fearsad fíodóra,Agus tá siad arna gcríochnú gan dóchas.
7 Á, cuimhnigh nach bhfuil i mo bheatha ach puth anála;Ní fheicfidh mo shúile sonas go deo arís.
8 An tsúil a chonaic mé, ní fheicfidh sí mé níos mó.Casfaidh do shúil i mo threo, ach beidh mé ar iarraidh.
9 Mar a scaipeann an néal, agus a imíonn sé ar ceal,Sin mar nach bhfillfidh aníos an té a théann síos go Seól.
10 Ní thagann sé abhaile arís,Agus ní aithneoidh a áitreabh é a thuilleadh.
11 Uime sin ní chuirfidh mé cosc le mo theanga,Labhróidh mé agus mo spiorad á bhuaireamh.Beidh mé ag cáiseamh agus m'anam faoi dhoilíos.