1 D'fhreagair Bildead ó Shiúach ansin agus dúirt:
2 An rachaidh aon stad ar an gcaint sin agat?Agus ar an ngaoth mhór sin ó do chlab?
3 An gclaonann Dia an ceart?An bhfiarann an tUilechumhachtach an chóir?
4 Má pheacaigh do chlann ina aghaidhThug sé suas faoi smacht a gcoirpeachta iad.
5 Má théann tú faoi choimirce Dé,Agus achainí a dhéanamh chuig an Uilechumhachtach,
6 Má bhíonn tú íon ionraic,Ansin músclóidh sé ar do shon,Agus deiseoidh sé áitreabh d'fhíréantachta.
7 Is íseal a thaibhseoidh do staid ó chiana duit,Agus is mór a bheidh do chonách níos déanaí.