6 Má bhíonn tú íon ionraic,Ansin músclóidh sé ar do shon,Agus deiseoidh sé áitreabh d'fhíréantachta.
7 Is íseal a thaibhseoidh do staid ó chiana duit,Agus is mór a bheidh do chonách níos déanaí.
8 Cuir ceist ar an nglúin a d'imigh romhat,Agus tabhair aird ar sheanchas a sinsear -
9 Fás aon lae sinne, gan aon eolas;Níl inár ré ar talamh ach scáil -
10 Nach ndéanfaidh siadsan thú a theagasc agus labhairt leat,Agus briathra mar seo á rá ó chroí:
11 An bhfásann an phaipir gan bhogach?An mbláthaíonn geitirí gan uisce?
12 Staith iad agus iad fós i mbarr a nglaise,Mar is túisce a fheonn siad ná aon lusra.