Seanfhocal 1 ABN

Teideal agus Cuspóir an Leabhair

1 Seanfhocail Sholaimh mac Dháiví rí Iosrael:

2 Le go mba eol céard iad an eagna agus an teagasc;le go dtuigfí briathra ciallmhara;

3 Le go bhfaighfí oiliúint in iompar críonna,san fhíréantacht, sa chóir, agus sa cheart.

4 Le críonnacht a thabhairt don saonta,agus eolas agus tuiscint don óg;

5 Le ciall an tseanfhocail agus na solaoide a cheapadh,briathra na saoithe agus a nathanna -

6 Éisteadh an t‑eagnaí freisin agus beidh breis eolais aige,agus beidh cumas dea-chomhairle ag an bhfear tuisceanach.

7 Tús na heagna eagla Dé;is beag ar na hamadáin an eagna agus an teagasc.

Moladh na hEagna

Comhairle ón Saoi

8 Éist, a mhic, le teagasc d'atharagus ná séan oiliúint do mháthar.

9 Beidh siadsan mar choróin ghrásta ar do cheannagus mar thorc ar do bhráid.

10 Má bhíonn peacaigh do do mhealladh, a mhic ó,ná géill dóibh.

11 Má deir siad: “Tar linn; téimis i luíochán le fonn fola;tugaimis fogha gan choinne faoi na neamhurchóidigh;

12 Déanaimis iad a shlogadh ina mbeatha mar a dhéanfadh Seól,iad a shlogadh hólasbólas mar iad siúd a théann sa chuithe.

13 Gheobhaimid maoin de gach sórt,agus líonfaimid ár dtithe le creach.

14 Fág do chuid roinne fúinne;ní bheidh againn go léir ach an t‑aon sparán.”

15 A mhic, ná gabh an bealach leo,agus ná leag do chos ar a gcosán.

16 (Óir tá siad ar cosa in airde chun an oilc,agus deifir orthu le fuil a dhoirteadh.)

17 Is fánach é an líon a leathadhagus an t‑éan ag faire.

18 Is ar a bhfuil féin a chuireann na fir seo luíochán;orthu féin a dhéanann siad eadarnaí.

19 Sin mar a bhíonn ag an muintir go léir a bhíonn ar thóir an tsaibhris le láimh láidir;sciobann an foréigean an t‑anam ón dream ar leo é.

Rabhadh ón Eagna

20 Glaonn an eagna os ard ar na sráideanna,agus cuireann a gáir suas i bhfaichí an mhargaidh;

21 Éann sí ar bharr na mballaí,agus labhraíonn ag geataí na cathrach:

22 “A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibhgean do bhur saontacht?An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireachtagus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?

23 Tugaigí aird ar mo rabhadh;déanfaidh mé smaointe mo chroí a roinnt libh,agus mo theachtaireacht a chur in bhur láthair.

24 De bhrí gur ghlaoigh mé oraibh agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht,gur shín mé mo lámh agus nár thug aon duine aird orm;

25 De bhrí nár thóg sibh ceann d'aon chomhairle do mo chuid,agus gur dhiúltaigh sibh do gach rabhadh uaim,

26 Déanfaidh mise gáire faoi bhur gcruachásagus magadh fúibh nuair a thiocfaidh an tubaiste oraibh,

27 Nuair a bhuailfidh an tubaiste sibh dála stoirme,agus a thiocfaidh an mí-ádh agus an anachain sa mhullach oraibh.

28 Glaoifidh siad orm ansin, ach gan freagra a fháil;lorgóidh siad mé, ach gan fáil orm.

29 Óir bhí fuath acu don eolas,agus níorbh é eagla an Tiarna ba rogha leo.

30 Ní ghlacfaidís le comhairle uaim,agus bhí drochmheas acu ar gach rabhadh uaim.

31 Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh,agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin.

32 Óir maraíonn a dtuathail féin an mhuintir shaonta,agus scriostar na hamadáin trína sástacht féin.

33 An té a éisteann liomsa, mairfidh sé go sochma,beidh sé ar a shuaimhneas, gan eagla air roimh aon urchóid.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31