Seanfhocal 11 ABN

1 Tá an ghráin ag an Tiarna ar an meá éagórach,ach is gean leis an meáchan cóir.

2 Tagann an t‑uabhar ar dtús, ansin an náire;tá an eagna ar fáil i measc na n‑uiríseal.

3 Déanann a n‑ionracas na hionraice a stiúradh,ach scriosann a bhfeall na feallairí.

4 Ní aon chabhair an mhaoin lá na feirge,ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.

5 Réitíonn a shuáilcí an cosán don neamhchiontach,ach baineann a urchóid féin an t‑urchóideach dá bhonna.

6 Déanann a bhfíréantacht na hionraice a fhuascailt,ach cuireann a n‑ainmhianta féin na feallairí i ngeimhle.

7 Ní chuireann an bás deireadh le dóchas an fhíréin,ach téann muinín lucht na haindiagachta amú.

8 Saortar an fíréan ón tubaiste,ach titeann sí ar an urchóideach ina ionad.

9 Scriosann an t‑aindiaga a chomharsa lena theanga,ach saortar na fíréin le barr eolais.

10 Nuair a ritheann leis na fíréin, bíonn lúcháir ar an gcathair;nuair a scriostar na hurchóidigh, cuirtear na gártha áthais suas.

11 Tógtar cathair trí bheannachtaí na bhfíréan,ach scartáiltear í trí bhéal na n‑urchóideach.

12 Amadán an té a dhéanann magadh faoina chomharsa;fanann an duine tuisceanach ina thost.

13 Sceitheann an duine béalscaoilteach nithe a bhíonn faoi cheiltach coimeádann an duine iontaofa rúin.

14 Teipeann pobal cheal treorach;ní baol dóibh nuair is iomadúil iad na comhairleoirí.

15 An té a théann i mbannaí ar strainséir, beidh thiar air;an té ar fuath leis dul i mbannaí, tá sé ar láimh shábháilte.

16 Tuilleann bean ghrástúil onóir [dá fear];[níl sa bhean gan meas ar an gcóir ach easonóir faoi réim].

17 Fónann an fial dó féin;ach goineann an duine cruálach é féin.

18 Saothraíonn an t‑urchóideach beatha bhaoth;an té a shíolann an fhíréantacht beidh fómhar teann aige.

19 An té a bhíonn daingean san fhíréantacht, beidh fad saoil aige;níl ach an bás i ndán don té a bhíonn ar thóir na hurchóide.

20 Is fuath leis an Tiarna lucht droch-chroí;is geal leis an mhuintir nach cam cosán.

21 Déan deimhin de, ní rachaidh an t‑urchóideach as gan phionós;ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.

22 Is cuma nó fáinne óir i bpus muice,bean bhreá gan stuaim.

23 Sonas is críoch ar mhian na bhfíréan;téann dóchas na n‑urchóideach amú.

24 Bíonn duine fial, ach méadaíonn ar a mhaoin;bíonn duine eile sprionlaithe, ach is i mbochtaine a théann sé.

25 Éireoidh an fial saibhir;an té thugann deoch, gheobhaidh sé deoch.

26 Cuireann daoine mallacht ar an té a choimeádann an t‑arbhar i dtaisce;ach beannacht ar an té a dhíolann é.

27 An té a thóraíonn an mhaith, tóraíonn sé fabhar;ach an té a lorgann an urchóid, tagann an urchóid ina threo.

28 An té a bhfuil a mhuinín ina mhaoin, feofaidh sé;ach beidh an fíréan faoi bhláth mar an duilliúr glas.

29 An té a bhuaireann a theaghlach, beidh an ghaoth aige mar oidhreacht;beidh an baoth mar dhaor ag an eagnaí.

30 Bíonn crann na beatha mar thoradh ag an bhfíréan;ach sciobtar na hurchóidigh ar shiúl [roimh am].

31 Má fhaigheann an fíréan an luach saothair is dual dó ar talamh,nach mó ná sin a gheobhaidh an t‑urchóideach agus an peacach!

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31