Seanfhocal 25 ABN

Dara Cnuasach Sholaimh

1 Seanfhocail le Solamh iad seo inár ndiaidh freisin agus is é Hiziciá, rí Iúdá, a bhreac cóip díobh.

2 Rún a cheilt glóir Dé,ach é a ransú go grinn glóir ríthe.

3 Fág gur ard iad na flaithis agus gur domhain é an talamh,níl dul ar chroí na ríthe a iniúchadh.

4 Scag an dríodar ón airgeadagus tiocfaidh sé amach glan.

5 Díbir na hurchóidigh ó láthair an ríagus beidh a ríchathaoir bunaithe ar an bhfíréantacht.

6 Ná bíodh mustar ort i láthair an rí,agus ná seas in áit na bhflatha,

7 Óir is fearr go ndéarfaí: “Gabh anseo aníos,”ná go ndéanfaí thú a ísliú i láthair an phrionsa.An rud a chonaic do shúile,

8 ná sceith é go róthobann sa chúirt.Óir céard a dhéanfaidh tú ar deireadhmá bhréagnaíonn do chomharsana thú?

9 Tagair do chúis le do chomharsa,ach ná sceith rún duine eile,

10 Le heagla go ndéanfaidh an té a chluinfeadh thú é a chasadh leat,agus go gcaillfeá do chlú go léir.

11 An focal i luí gaidhte,is cuma é nó úlla óir i leaba airgid.

12 Fáinne óir nó ornáid d'ór fíre,sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann.

13 Is cuma nó fionnuaire sneachta fómhairan teachtaire a bhíonn dílis do lucht a sheolta;cuireann sé misneach i gcroí a mháistir.

14 Scamaill is clocha, ach gan braon fearthainne,sin mar atá ag fear na ngealltanas mór gan comhlíonadh.

15 Is féidir breitheamh a bhogadh le foighne;briseann béal bán cnámh.

16 Má fhaigheann tú mil, ith do dhóthain di,ach ná déan craos nó déanfaidh tú í a aiseag.

17 Téigh go hannamh go teach do chomharsan,le heagla go n‑éireoidh sé bréan díot agus go dtiocfadh fuath aige duit.

18 Is cuma nó cleith nó claíomh nó ga géaran té a thugann fianaise bhréige in aghaidh a chomharsan.

19 Is cuma nó fiacail lofa nó cos leontafear gan dílseacht ar a mbeifí ag brath in am an ghátair;

20 bheadh sé chomh maith agat do bhrat a bhaint díot sa doineann.Is cuma nó fínéagra a chur i gcréachtamhráin a chasadh do chroí duairc.

21 Má tá ocras ar do namhaid, tabhair greim le n‑ithe dó;nó tart, tabhair braon le n‑ól dó.

22 Beidh sméaróidí tine á gcarnadh agat ar a cheann sa tslí sin,agus déanfaidh an Tiarna é a chúiteamh leat.

23 Tagann fearthainn ó bhroinn na gaoithe aduaidh,agus muc ar an malainn ó theanga an bhéadánaí.

24 Is fearr cur fút i gcúil sa lochta,ná bheith in aontíos le bean achrainn.

25 Is cuma nó uisce fuar i scornach thirim,dea-scéala ón gcoigríoch.

26 Is cuma nó tobar a suaitheadh nó foinse a truailleadh,an fíréan a chúbann roimh an urchóideach.

27 [Ní maith í póit mheala,ná géilleadh do bhladar.]

28 An fear gan smacht air féin,is cuma é nó cathair ar leathadh gan cóir chosanta.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31